Proinnsias Ruadh.       

Bhí Proinnsias Ruadh iongantach tugtha do'n
ól. Domhnach amháin rinne an sagart an-seanmóir
fá ólachán, acht má rinne fhéin, ní rabh Proinnsias
ag éisteacht leis. Acht mur rabh Proinnsias ag
éisteacht leis bhí a bhean ag an Aifreann, agus níor
imthigh oiread is focal uirthi-se, nó ba mhaith léithe
an t-iomlán a bheith léithe cruinn balach 'na bhaile
le h-innse do Phroinnsias.

Nuair a thainic sí 'na bhaile, d'fhiafruigh Proinn-
sias dí caidé bhí an sagart ag rádh. "Ó, is mairg
nach rabh tú amuigh indiu, no chluinfeá rud eigin-
teacht a dheanfadh maith duit," ar sise.

"Tá tú ag innse!" arsa Proinnsias, "agus
caidé a rabh sé ag caint air, a bhean mhodh-
amhail?"

Rinne sé seanmóir fá'n ólachán a rabh sgann-
rughadh uirthi - go dearbhtha duit, bhíomar uilig
ag éisteacht leis, agus chuir sé gach aon 'duine dá
rabh ag éisteacht leis fá ghealltanas gan aon deor
bhiotailte a bhlasadh go cionn bliadhna," ar sise.
"Ó, maise, maise," arsa Proinnsias, "nach é Dia a
bhí liomsa gur fhan mé sa bhaile."


Ciarán Ó Duibhín
2008/03/28
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite