Conall Ruadh.       

Bhí Conall Ruadh in a chomhnuidhe leis fhéin i
dteach bheag cheann tuigheadh ag bun cnuic.
Oidhche amháin thainig an doineann agus an ghaoth
mhór agus siabadh an ceann de'n teach, agus fuarthas
Conall bocht, ar maidin lá ar na bhárach, agus é
chomhair a bheith fleaichte. Acht bhí na comhur-
sana maith dó agus chruinnigh sgaifte aca agus
chuir deis ar an teach arís dó. An oidhche in a
dhiaidh sin, bhí Conall in a shuidhe go h-uaigneach
leis fhéin ins an chlúduigh nuair a thug sé fá dear
an sean-chat riabhach a bhí aige ag sgríobadaigh
ar chionn de na cathaoireacha. Chualaidh Conall
ariamh gur chomhartha gaoithe móire an cat a bheith
ag sgríobadaigh mar siud, agus thionntuigh sé uirthi
go confadhach leis an mhaide bhriste. "A sgeamh-
lacháin bhradaigh," ar seisean, ag tabhairt leideóige
do'n chat, "an bhfuil tú ag brath mé a fhágáil
faoi'n spéir anocht arís?"


Ciarán Ó Duibhín
2008/04/04
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite