Deireadh an tSaoghail.       

Bhí gasúr beag ag teacht na bhaile ó'n sgoil lá
amháin. Bhí sé ag siubhal ar a shuaimhneas agus é
ag amharc uaidh ar gach aon taoibh de. Tráthnóna
deas ciúin gan smid gaoithe a bhí ann. Nuair a bhí
sé fá ghiota do'n bhaile, shonnruigh sé an spéir ag
dorchugadh agus níor bh'fada gur thoisigh an tóir-
neach. Tug sé do na bonnaí é chomh tiugh teith is
thainic leis, agus nuair a fuair sé a fhad leis an tigh,
bhí a chroidhe ag dul amach ar a bhéal le neart eagla.
Thoisigh sé a sgairtigh i sean-árd a chinn: "A
Mhamaí, a mhamai, deán deifre, deán deifre, tá
deireadh an tsaoghail ann."

"Agus cá bhfuil tú ag dul a chroidhe?" arsa a
mhathair leis. "Isteach faoi'n leabaidh, 'ar ndóigh;
nach h-é sin an ait a dteachaidh mé fhéin agus Úna
bheag annseo an t-am deireannach ar dhubhairt
tusa linn go rabh deireadh an tsaoghail ann?"


Ciarán Ó Duibhín
2008/03/28
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite