An Sean-Choileach agus an Coileach Óg.       

Bhí sean-choileach agus coileach óg amuigh ag
spaisteoracht lá amháin. Bhí tobar domhain a
chois an bhealaigh móir, agus mar bhí tart ar an
choileach óg dubhairt sé go gcaithfeadh sé deoch a
fhagháil. Thoisigh an sean-choileach ag cur comh-
airle air. "Anois, éist liomsa," ar seisean, "tá an
tobar sin chomh domhain sin is go mbáithfeadh sé
an saoghal mór agus má théigheann tusa in a chomh-
air, tuitfidh tú isteach agus ní chuirfidh tú sgairt
asat a choidhche arís. An gcluin tú mé anois?"

Bhí an coileach óg an-dolba, agus ní thearn sé
ariamh acht a chomhairle fhéin, agus dubhairt sé go
ndeanfadh sé a chomhairle fhéin an iarraidh seo
fosta.

Anonn leis go dtí an tobar agus d'amharc isteach
ann. Chonnaic sé a sgáile fhéin ins an uisge, agus
shíl an créatúr sodhantach gur coileach eile a bhí
ann. Chuir an coileach óg cuma troda air fhéin,
acht má chuir, rinne an "coileach" a bhí ins an
tobar an cleas céadna. Chuir sin an coileach óg
ar an daoraidh, agus léim sé isteach ins an tobar le
gobadh maith a thabhairt dó, acht ba í an léim
dheireannach aige é, báitheadh é, agus nuair a chon-
naic an sean-choileach é sínte marbh 'san uisge
chrom sé a cheann. "A!" ar seisean, "is mairg
nach nglacann comhairle."


Ciarán Ó Duibhín
2008/03/28
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite