Gabhar Sodhantach.       

Thuit madadh ruadh isteach i dtobar lá amháin,
agus mar bhí an tobar an-domhain, ní thiocfadh
leis fagháil amach. Bhí gabhar ag dul thart agus
mhothuigh sé an tormán 'sa tobar. D'amharc sé
isteach agus chonnaic sé an madadh ruadh agus
gruaim air. Labhair sé go carthanach leis an
ghabhar. "A ghabhair na gcarad," ar seisean,
"tar isteach annseo leat, tá an t-uisge is milse 'sa
tobar seo a bhlas tú ariamh." Chreid an gabhar
bocht amaideach é agus isteach leis; acht níor
luaithe istigh é ná léim an madadh ruadh ar a dhruim
agus amach leis, agus d'fhág sé an créatúr gabhair
sa tobar.


Ciarán Ó Duibhín
2008/03/28
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite