Ceól an Phréacháin.       

Maidin aoibhinn amháin ins an Earrach, bhí
smólach ag ceól go binn ar chraoibh. Bhí préachán
in a sheasamh ar chraoibh eile ag n-a thaoibh, agus
é ag éisteacht leis agus cuma air go rabh sé ag éad
leis an smólach. Cibé ar bith, nuair a stad an smólach,
thoisigh an préachán ar a "chá cá" féin. Nuair
a bhí sé tuirseach, stad sé agus d'amharc sé thart,
acht ní rabh an smólach le feiceáil ar an chrann ar
chor ar bith. D'amharc sé faoi ar an talamh agus
ceart go leór, bhí an smólach annsin agus é sínte
marbh ar an fhéar ghlas. Bhris sé a chroidhe ag
gáiridhe faoi cheól an phréacháin.


Ciarán Ó Duibhín
2008/03/28
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite