An Préachán agus an Crúisgín.       

Lá teith Samhraidh a bhi ann. Bhí préachán ag
dul thart agus a theanga amuigh aige leis an tart,
acht bhí sé ag sárughadh air aon deor uisge a fhagháil.
Fá dheireadh thainic sé go dti áit a raibh crúisgín
ina luighe. D'amharc sé isteach 'sa chrúisgín, agus
chonnaic sé go rabh diurnán beag uisge ann; acht
mar bhí sé ró-fhada síos 'sa chrúisgin ní rabh fhios
aige, caidé an dóigh a bhfuigheadh sé a fhad leis.
'Sa deireadh smaointigh sé ar chleas. Bhí carnán
de chloca beaga comhgarach, agus thóg sé iad de
réir ceann agus ceann agus chuir sé isteach 'sa chrúis-
gín iad. D'éirigh an t-uisge aníos go béal an chrúisgin
agus d'ól sé a sháith.


Ciarán Ó Duibhín
2008/03/28
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite