An Préachán agus an Cháis.       

Bhí préachán i n-áirde ar chrann lá amháin agus
giota cáise in a ghob aige. Thug an madadh ruadh fá
dear é, agus thainic sé thart go bun an chrainn, agus
mar mhaithe leis fhéin 'ar ndóigh, thoisigh sé a
mholadh an phréacháin: "A phréacháin dhóigh-
eamhail," ar seisean, "'sé mo bharamhail gur tú
an t-éan is deise ins an choillidh. Má tá do ghuth
chomh h-áluinn le do chluimhrigh 'sé mo mhór-
bharamhail nach bhfuil aon éan 'sa Domhan Thiar
nó 'sa Domhan Thoir ionchurtha leat ar dhóigh ar
bith. Nuair a chuala an préachán an méid a dubhairt
an madadh ruadh fá dtaobh de, bhí bród an tsaoghail
air, agus thoisigh sé ar a chá cá. Thuit an cháis
agus thóg an madadh ruadh leis í, agus d'imthigh sé
leis 'un an bhaile annsin agus cáir gháiridhe air.


Ciarán Ó Duibhín
2008/03/28
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite