An Madadh Ruadh agus na Caora
Fíneamhna.
       

Bhí madadh ruadh ag dul thart lá amháin agus
é chomhair a bheith thart leis an ocras. Fá dheireadh
thainic sé a fhad le áit a rabh caora fíneamhna ag
fás. Thug sé cúpla iarraidh fagháil fhad leobhtha
ar an chrann, acht sháruigh air gach aon iarraidh
aca. "A" ar seisean 'sa deireadh nuair a chonnaic
sé nach rabh gar ann, "ní'l ionnta acht sean-bhrusgar
scarbh ar sgor ar bith," agus d'imthigh sé leis arís
agus grus air.


Ciarán Ó Duibhín
2008/03/28
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite