Cleasanna an Mhadaidh Ruaidh.       

Bhí madadh ruadh agus cat ag siubhal fríd
choillidh lá amháin agus iad ag caint ar ghadhair.
"Ní'l a dhath dhe bhinn agamsa ortha" arsa an
madadh ruadh, "tá an oiread sin cleas agam is go
dtig liom imtheacht ortha, is cuma caidé an dóigh a
dtiocfaidh siad orm. An bhfuil cleasanna ar bith
agatsa, a chaitín?"

"Ní'l agam acht aon chleas amháin, a mhadaidh
ruaidh," arsa an cat "agus mara n-éirighidh liom
leis an chleas sin tá mé réidh."

"Maise, mo thrí thruaighe thú" arsa an madadh
ruadh, "ní amuigh ba cheart do do leitheid-sa
bheith ar chor ar bith, acht istigh ins na beanna
sin thall an áit a bhfuil mo choileáin-sa." Le sin
mhothuigh siad na gadhair ag tarraingt ortha.
Sgiord an cat suas ar chrann, agus thoisigh an madadh
ruadh ar a chuid cleas. Rith sé anonn agus anall
siar agus aniar agus na gadhair 'sa tóir air. Ní rabh
aon chleas dá rabh aige nar fhéach sé leis, acht ní
rabh a dhath dhe ghar ann. Rug na gadhair air
agus stróc siad 'na ghiotaí é.

Bhí an cat i n-áirde ar an chrann ag coimheád
anuas ar an spórt, agus nuair a chonnaic sí go rabh
an madadh ruadh gaibhte ag na gadhair dubhairt
sí: "Tchím gur fearr aon chleas amháin maith ná
na mílte cleas gan mhaith."


Ciarán Ó Duibhín
2008/03/28
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite