Panu Petteri Höglund

Ylioppilaskyla 6 d 16
20540 Turku
An Fhionlainn

Email: phoglund@ra.abo.fi

English | Deutsch | Svenska

Is sean láithreán é seo, ó thart fán bhliain 1997. Tá láithreán úr ag Panu ag Geocities ina bhfuil an-chuid scríobhneoireachta maith le fáil, go h-áirithe ó leathanach na Gaeilge.


Dírbheathaisnéis ghearr

D'fhás mé aníos agus tháinig mé i mbun mo mhéide sa mhion-chathair Varkaus sa tSabhóine (Béarla: Savonia, Fionlainnis: Savo, Sualainnis: Savolax) sna seachtóidí agus sna hochtóidí, go dtí gur sheas mé na scrúduithe Ardteistiméireachta agus d'imigh ó Varkaus go dtí Turku in Iarthar na Fionlainne. Ansin a thoisigh mé a dhéanamh staidéar ar cheimic ar Åbo Akademi, Ollscoil Sualainnise na Fionlainne. De réir a chéile áfach tháinig an tuigbheáil agam gur sna teangacha a bheadh cibé todhchaí le fáil a bheadh i ndán domh. Tá mé anois ag cur snas ar mo thráchtas Máistreachta Ealaíon a phléigheann le haithris liteartha an dátheangachais Polainnise-Gearmáinise ag an scríbhneoir Gearmáinise Horst Bienek.

Ar ndóighe is fiú a rádh chomh maith go bhfuil mé anois ag cur mo dhualgais chosanta náisiúnta díom i m'Agóideoir Choinsiasach ag Leabharlann m'Ollscoile féin. Bhí faitíos orm go n-uige seo roimh na ríomhairí, ach chuir Stiúrthóir Roinn na gClónna Fionlannacha (roinn Fennica), an tArdLeabharlannaí Märta Honko, d'fhiacha orm ghabháil le ríomhaireacht. Buíochas léithi go bunúsach atá an sobalscéal le léamh agaibh.

Ar mo chonlán féin a d'fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge. Fairis sin tá Fionlainnis (ó dhúchas), Sualainnis, Béarla briste, Polainnis, roinnt Rúisise, Gearmáinis agus Nua-Íoslainnis agam.


Scríbhneoireacht as Gaeilge ar an líonláithreán seo:

agus as Béarla: